Fáilte chuig leathanach na dTeaghlaigh Ghaeltachta

Don teaghlach sin ar mian leo iarratas a dhéanamh ar aitheantas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, ní mór daoibh:

  1. Iarratas ar aitheantas a dhéanamh leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon,
    Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is gá an foirm a líonadh chuige seo agus a sheoladh ar ais go
    dtí an Roinn. Ní leor ríomhphost a chur ag lorg eolais.
  2. Iarratas ar Ghrinnfhiosrúchán na nGardaí a dhéanamh le CONCOS. Ní féidir dul chun cinn a
    dhéanamh sa phróiseas aitheantais go dtí go bhfuil an Grinnfhiosrúchán bailí dearbhaithe.
  3. Ní mór don teaghlach atá ag déanamh iarratas ar aitheantas cuairt chláraithe a shocrú leis
    an Roinn. Seolfar litir chuig an teaghlach go gairid i ndiaidh na cuairte seo ag cur in iúl dóibh
    ar éirigh nó nár éirigh leis an iarratas ar aitheantas.
  4. An teach lóistín a chur in oiriúint do scoláirí a bheadh ar iostas faoi SFG, mar aon le teastas
    innealtóra don teach a sheoladh chuig an Roinn. Níor chóir an chéim seo a ghlacadh go dtí
    go bhfuil deimhniú faighte i scríbhinn ón Roinn gur éirigh leis an teaghlach ina n-iarratas ar
    aitheantas faoi SFG.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, H91 KX39
R-Phost: teaghlaighsfg@tcagsm.gov.ie
www.gov.ie

Bronnfar aitheantas i scríbhinn ón Roinn agus ní mór do theaghlaigh agus do choláistí a bheith
aireach i gcónaí ar na critéir a bhaineann le haitheantas na Roinne.
https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/earnail-na-gcolaisti-gaeilge/

Seo a leanas na foirmeacha atá le líonadh agus le seoladh ar aghaidh:

  1. Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána  (CONCOS)* (Féach/View)
  2. Pacáiste Eolais – Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Íoslódáil/Download)
  3. SFG1 Bileog eolais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge  (Íoslódáil/Download)
  4. SFG2 Foirm iarratais ar Aitheantais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (An Roinn)* (Íoslódáil/Download)
  5. SFG3 Sainordú EFT – Sonraí Banc (An Roinn)* (Íoslódáil/Download)
  6. SFG3A Cruthúnas Cánach (An Roinn) (Íoslódáil/Download)
  7. SFG4 Teastas Innealtóra faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (An Roinn)* (Íoslódáil/Download)
  8. SFG5 Sábháilteacht Doiteáin i dTithe Gaeltachta (Íoslódáil/Download)
  9. Deontas Tosaithe aon uaire €6,000 (An Roinn)* (Íoslódáil/Download)
  10. Clár Foghlama: Tús áite do Leanaí (An Coláiste Gaeilge)*

https://childrenfirstuniversal.hseland.ie/en/registration/

Teaghlaigh Ghaeltachta Reatha

  1. Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána  (CONCOS)* (Féach/View)
  2. SFG4 Teastas Innealtóra faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (An Roinn)* (Íoslódáil/Download)
  3. SFG5 Sábháilteacht Doiteáin i dTithe Gaeltachta (Íoslódáil/Download)
  4. Clár Foghlama: Tús áite do Leanaí  (An Coláiste Gaeilge)*

https://childrenfirstuniversal.hseland.ie/en/registration/

*Seol na doiciméid seo ar aghaidh chuig CONCOS, An Roinn nó an Coláiste Gaeilge

Nóta:

  1. Maireann Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus Clár Foghlama:Tús áite do Leanaí ar feadh tréimhse 3 bliana.
  2. Maireann an teastas Innealtóra ar feadh tréimhse 2 bhliain.
  3. Ní íocfaidh an Roinn do thréimhse ar bith le linn foghlaimeoirí a bheith ar lóistín sa teach mura bhfuil na dualgais dhlíthiúla seo comhlíonta ag na teaghlaigh agus dáta reatha orthu.